Carl Jung

Síciatraí agus smaointeoir Eilvéiseach ab ea Carl Gustav Jung (26 Iúil, 18756 Meitheamh, 1961). Rugadh in Kesswil na hEilvéise é. Comhoibritheoir le Freud ar dtús, ach de réir a chéile d'easaontaigh sé le coincheap Freud go raibh bunús sícighnéasach le gach néaróis. Scríobh sé ''Wandlung und Symbole der Libido'' (Claochlú is Comharthaí an Libídeo, 1911-12) chun an t-easaontas a mhíniú, agus tharla scoilt eatarthu. D'fhorbair sé a theoiricí féin, an tsíceolaíocht anailíseach, ag cuimsiú saghsanna síceolaíocha (mar shampla, indíritheoir is eisdíritheoir), staidéar ar an neamhchomhfhiosacht chomhchoitianta, agus coincheap na síce mar chóras féinrialaithe, á cur féin in iúl trí phróiseas indibhidithe. Arna chur ar fáil ag Vicipéid
1 - 1 toradh á dtaispeáint as 1 toradh san iomlán ar an gcuardach 'Jung, Carl Gustav', am iarratais: 0.01s Beachtaigh na torthaí
  1. 1

    Simbología del espíritu: Estudios sobre fenomenología psíquica / de réir Jung, Carl Gustav

    Foilsithe / Cruthaithe 1992
    LEABHAR